Episode details

Available for 27 days
Bhí camchuairt ar leith i gceist ar na mallaibh nuair a thug toscaireacht ó CLG Mistéiligh Ghleann an Iolair, Contae Dhoire, aghaidh ar Verona na hIodáile agus an Fhéile Idirnáisiúnta Tocati. Míníonn Niall Comer, ball den chlub, an scéal. Agus níos faide fós ar shiúil, in Buenos Aires na hAirgintíne, tá Ruaidhrí Ó Conaill, as Luimneach ó dhúchas, ag leagan síos dhúshraith na peile Gaelaí ní hamháin sa scoil ina bhfuil sé ag teagasc, ach fosta ina chlub, Gaeil Luimnigh. Labhraíonn Ruaidhrí linn faoin obair mhór atá ar bun. Chomh maith leis sin, agus tús curtha le Craobh Uladh na gClubanna i bpeil na mban, tá Niamh Nic Giolla Dhuibh linn le hachoimre ar na cluichí go dtí seo. It was a very special trip for a delegation from CLG Mistéiligh Ghleann an Iolair in County Derry recently, as they journeyed to fair Verona, Italy, for the international Tocati festival. Club member Niall Comer explains the story. And even further afield, in Buenos Aires, Limerick man Ruaidhrí Ó Conaill is laying down the Gaelic football groundwork not only in the school where he is teaching, but also in his club, Limerick Gaels. We speak to Ruaidhrí about the work that is being done. Also, with the start of the Ulster club championship in ladies' Gaelic football, Niamh Nic Giolla Dhuibh joins us with a summary of the weekend's games.
Programme Website